Back To Lyrics Page

Title: Damhsa na gCoiníní
Translation:
The Rabbits’ Dance
Written by:
Dara Ó Conaola & Traditional
Language:
Irish/Gaeilge
Album:
Flame of Wine
Track:
12
Lyrics

Damhsa na gcoiníní i ngarraí na heorna,
An coinín ab óige acu, briseadh a chos,
An coinín ba sine acu, rinne sé uachta
Is thit sé ar a thóin i dtoimín an bhroibh.

Coiníní beaga agus coiníní móra,
Coiníní beaga ag damhsa sa mbrobh;
Coiníní beaga agus coiníní móra,
An coinín ab óige briseadh a chos.

Measann tú an dtiocfaidh sé? An dtiocfaidh sé? An dtiocfaidh sé?
Measann tú an dtiocfaidh sé, an dtiocfaidh sé anocht?
Tá a fhios agam nach dtiocfaidh sé, dtiocfaidh sé, dtiocfaidh sé
Tháinig an sneachta air, ‘s chodail sé amuigh.

I ngarraí na gcopóg, i ngarraí na gcopóg,
I ngarraí na gcopóg, ‘sea chodail sé amuigh!
I ngarraí na gcopóg, i ngarraí na gcopóg,
I ngarraí na gcopóg, ‘sea d’imigh sé leis!

Ní mheallfaidh tú mise, ní mheallfaidh tú mise,
Ní mheallfaidh tú mise le blandar ná ceol
Ní mheallfaidh tú mise, ní mheallfaidh tú mise,
Ní mheallfaidh tú mise le céad gine óir!

Casadh liom coinín ar maidin Dé Domhnaigh
I ngarraí Mhaol Ruanaigh ‘s é ag ‘ul soir
Maide ina ghlaic aige ‘s é déanamh siúl leis
An coinín is óige, briseadh a chos.